Tá raidhse dheiseanna fostaíochta leis an AE i réimse na dlítheangeolaíochta.
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mbun Aonad Gaeilge a fhorbairt
agus idir seo agus an 31 Nollaig 2021 fostófar os cionn 20 dlítheangeolaí ann. Ina
theannta sin, i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, is í Éire an tír is mó as a bhfostófar
dlítheangeolaithe le Béarla.