Seoladh Leabhair/ Book Launch
Sheol an file Duibhneach, Dairena Ní Chinnéide, Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh (An Sagart, 2019) i nDún Chíomháin i gCorca Dhuibhne Dé Sathairn, 22 Meitheamh. Ba iad Tríona Ní Shíocháin (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) agus Ríona Ní Churtáin (Ollscoil Luimnigh) a chuir an cnuasach aistí seo in eagar. Pléann aistí an chnuasaigh gnéithe éagsúla de théagar agus de shubstaint mhachnamh an Ríordánaigh. D’eascair an leabhar as comhdháil náisiúnta a d’eagraigh Tríona Ní Shíocháin agus Ríona Ní Churtáin sa bhliain 2016, i gcomhpháirt le Bríd Cranitch ón Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne. Craoladh caint Dhairena Ní Chinnéide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta: https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/21575766
Corca Dhuibhne poet Dairena Ní Chinnéide launched Ní insint dán ach bheith: Aistí ar Smaointeoireacht an Ríordánaigh (An Sagart, 2019) in Dún Chíomháin in Corca Dhuibhne on Saturday, 22nd June. Tríona Ní Shíocháin (UCC) and Ríona Ní Churtáin (UL) edited this essay collection, which examines various aspects of poet Seán Ó Ríordáin’s philosophy and thought. This book arose from a national conference which was organised by Tríona Ní Shíocháin and Ríona Ní Churtáin in 2016, in collaboration with Bríd Cranitch from Ballyvourney’s Ionad Cultúrtha. Dairena Ní Chinnéide’s talk was broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta: https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/21575766