LÉANN NA GAEILGE IN OLLSCOIL LUIMNIGH
Tá an Ghaeilge á teagasc in Ollscoil Luimnigh ó 1972 i leith. Tá 500 mac léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta ag Léann na Gaeilge faoi láthair agus is ceann de na hábhair is mó fás i nDámh na nDán é. Tá seisear léachtóirí lánaimseartha i Léann na Gaeilge: Sorcha de Brún, Síle de Cléir, Aengus Ó Fionnagáin, Máire Ní Ghráda, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Gordon Ó Riain. Saineolaithe iad i réimsí éagsúla de litríocht agus de theanga na Gaeilge, go háirithe an Nua-Litríocht, an Béaloideas, an Ainmeolaíocht, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch.
ÁBHAR AN CHÚRSA
· Scileanna teanga
· An Litríocht
· Stair & Oidhreacht na hÉireann
· An Béaloideas
· Sochaí & cultúr na hÉireann
CAD IAD NA CÉIMEANNA OLLSCOILE AR FÉIDR LIOM AN GHAEILGE A ROGHNÚ IONTU?
*RIACHTANAS IONTRÁLA: H3 SA GHAEILGE
CÉN CINEÁL OIBRE A DHÉANFAIDH MÉ INA DHIAIDH SIN?
Iriseoir, craoltóir, fotheidealóír, feidhmeannach, múinteoir, teangeolaí, aistritheoir, profadóir, eagarthóir, ateangaire agus postanna éagsúla eile a bhaineann le scileanna cumarsáide nó le cumas tuisceana traschultúir, mar shampla, ag brath ar an gcéim/céimeanna a dhéanfaidh tú. Tugann go leor céimithe le Gaeilge faoi iarchéim (MA) nó taighde (PhD) tar éis na bunchéime.
AN FÉIDIR LIOM DUL THAR LEAR?
Is féidir, cinnte. Is cuid dhlúth den chúrsa é go gcaithfidh tú seimeastar amháin in ollscoil eile san Eoraip, i Meirceá Thuaidh nó i Meiriceá Theas, ag brath ar an gcéim a roghnaíonn tú. Tá naisc faoi leith idir Léann na Gaeilge agus ollscoileanna sna háiteanna seo a leanas: Ceanada, An Pholainn, Tír na mBascach, na hOileáin Bhailéaracha, an Bhriotáin, an Laitvia).
CÁ BHFAIGHIDH MÉ A THUILLEADH EOLAIS?
Gaeilge | University of Limerick (ul.ie)
UL Faculty of Arts, Humanities and Social Sciences | University of Limerick
Oifig, Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide: https://ulsites.ul.ie/cc/
Guthán: 061 202321
Twitter: https://twitter.com/GaeilgeAtUL
Ceann Ábhair, Léann na Gaeilge: An Dr Aengus Ó Fionnagáin (aengus.finnegan@ul.ie)