Guest readings, a language workshop and music session will take place at Seomra na Gaeilge on Friday 6 December from 10.00 and all are welcome to an exhibition of material relating to Jimín from the Seabhac archive at the new Special Collections Reading Room, Gluckman Library, from 12:15.
Follow @AonadnaG on Twitter for 30 excerpts over 30 days from Chapter 5, Jimín’s antics at Christmas time! These are being tweeted from the end of November through to Lá an Dreoilín (26 December 2019).
#JIMÍN100
Tá ceiliúradh á dhéanamh ag cairde Aonad na Gaeilge ar 100 bliain ó céadfoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, an leabhar cáiliúil leis an Seabhac.
Tá míreanna gearra de chaibidil 5 de Jimín, ‘Mar a n-insítear scéala na Nollag agus dúthracht Jimín don ghandal’ á chur amach ar an gcóras giolcaireachta @AonadnaG thar thréimhse 30 lá ón 27 Samhain ar aghaidh go dtí Lá an Dreoilín 2019. Bígí á léamh agus á roinnt mar sin, a chairde! Tá leagan iomlán de théacs chaibidil 5 agus comhad fuaime de á léamh ag Eamon Ó Siochrú ar fáil ar bhlag Aonad na Gaeilge anseo agus roinnfear caibidil 6 faoin Dreoilín go luath.
Bígí linn do cheardlann teanga, tionól léitheoireachta agus seisiún ceoil Dé hAoine 6 Nollaig 2019 i Seomra na Gaeilge (LC0-016), Áras na dTeangacha óna 10-12.00
Beidh taispeántas d’ábhar ó chartlann an tSeabhaic & caint ghearr ar ábhar a chartlainne le Deirdre Ní Loingsigh @ 12:15 sa Seomra Léitheoireachta nua ag na Bailiúcháin Speisialta, Leabharlann Glucksman. Táimid an-bhuíoch do Ken Bergin, Bailiúcháin Speisialta, Leabharlann Glucksman, Ollscoil Luimnigh; do Kieran Hoare, Bailiúcháin Speisialta, Leabharlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus do Mike Lynch, Leabharlanna Chiarraí as tacú linn chun an t-ábhar luachmhar seo a chur ar taispeáint.
Foilseofar pacáiste acmhainní teagaisc agus foghlama #Jimín100 atá deartha ag mic léinn na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (Teangacha), Ollscoil Luimnigh i gcomhar lena dteagascóir Deirdre Ní Loingsigh ar bhlag Aonad na Gaeilge ag tús Mhí na Nollag chomh maith.
Ná cailligí na sleachta ar Twitter @AonadnaG
& Cuimhnígí RSVP a sheoladh chuig Ciara.Considine@ul.ie