Welcome to "Dánnerstag"!

"Dánnerstag" is a new and innovative poetry project by the Centre for Irish-German Studies and introduces German language poetry and its Irish language translations to a local, national, and international audience.

Following in a long tradition of cultural and linguistic exchange between the German and Irish languages, we believe the project is aptly named: dán in "Dánnerstag" means poem in Irish, and Donnerstag means Thursday in German.

So, in a unique and contemporary Irish-German mix, these poems and their translations will be showcased on the first Thursday of every month on the Centre for Irish-German Studies website and will be distributed on the social media of other institutions.

The translations are undertaken by a range of enthusiastic translators ranging from academics to prize-winning translators to students of University of Limerick.

We are excited and honoured to present new contemporary poems by a selection of prize-winning and wonderful German, Austrian and Swiss poets in a multi-media format, and to hear the voices of the poets themselves who bring their work to life on the screen. 

On the third Thursday of every month, we will present much-loved classics in the German original and Irish (and English) translations. 

We gratefully acknowledge the support of the German, Austrian and Swiss Embassies and the DAAD for this project. 

Go raibh míle maith agaibh.

Enjoy! 

Viel Vergnügen! 

Bainigí taitneamh as! 

Dánta am Donnerstag – Poems on Thursday

Project leaders: Gisela Holfter and Sorcha de Brún

Idea: Robert Henneberg, Gisela Holfter / Video design: Jakob Lemme  

 

Fáilte go Dánnerstag!

Tionscadal nuálach úrnua é “Dánnerstag” atá lonnaithe sa Lárionad Léinn Gearmáinise-Éireann agus a thugann isteach filíocht na Gearmáinise agus na haistriúcháin Ghaeilge lena mbaineann go lucht léite agus éisteachta áitiúil, naisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ag teacht sna sála ar thraidisiún fada malartaithe idir an nGearmáinis agus an nGaeilge, idir chultúrtha agus theangeolaíoch, creidimid anseo sa Lárionad go n-oireann teideal an tionscadail go paiteanta dá bhfuil idir chamáin againn: ciallaíonn dán in “Dánnerstag” filíocht, agus is éard a chiallaíonn Donnerstag na Gearmáinise ná Déardaoin.

Mar sin, le meascán Gael-Ghearmánach atá chomh huathúil agus atá sé comhaimseartha, léireofar na dánta seo agus a gcuid aistriúchán ar an gcéad Déardaoin in aghaidh na míosa ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Léinn Gearmáinise-Éireann.

Scaipfear na saothair trí bhíthin meáin shóisialta institiúidí eile chomh maith. Tá an fhílíocht seo aistrithe le flosc ag réimse aistritheoirí, idir lucht acadúil, aistritheoirí cruthanta clúiteacha a bhfuil duaiseanna buaite acu, agus mhic léinn Ollscoil Luimnigh.

Is mór an onóir dúinn, mar sin, dánta comhaimseartha le roinnt filí mór le rá de chuid na Gearmáine, na hOstaire agus na hEilbhéise a chur i láthair i leagan amach ilmheánach ionas go gcloisfear guthanna beo na bhfilí iad féin. Ar an gcaoi sin a thabharfaidh na filí seo a gcuid saothar chun solais ar an scáileán agus beocht curtha acu ann.

Ar an dtríú Déardaoin i ngach mí a léireofar na clasaicí: cuirfear an Ghearmáinis bhunaidh ar fail mar aon leis na haistriúcháin Ghaeilge agus Bhéarla ar na clasaicí sin.

Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le hAmbasáidí na Gearmáine, na hOstaire agus na hEilbhéise faoi seach agus leis an DAAD (Seirbhís Mhalartaithe Acadúil na Gearmáine) as a gcuid tacaíochta. Go raibh míle maith agaibh go léir. Bainigí taitneamh as!

Dánta am Donnerstag – Dánta na Déardaoine – Poems on Thursday

Ceannairí an tionscadail: Gisela Holfter agus Sorcha de Brún

Smaoineamh: Robert Henneberg, Gisela Holfter / Dearadh físeáin: Jakob Lemme

 

 

Watch Dánnerstag contributions

 

Féile Dánnerstag