arrow
Search icon

Teagasc & Foghlaim

Soláthraíonn an tAonad cúrsaí Gaeilge ar leibhéil éagsúla;
·    do phobal an champais; 
·    don phobal ginearálta; 
·    don earnáil phoiblí; 
·    do mhic léinn oideachais (modúl sa Ghaeilge Ghairmiúil); 
·    do mhic léinn ón iasacht (trí mhodúl ab initio); 
·    do mhic léinn páirt-aimseartha (mar shampla, an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach).
Tá taithí mhaith ag teagascóirí ar a bheith ag plé le foghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Dírítear ar straitéisí foghlama teanga go minic sna ranganna: straitéisí chun déileáil leis an mbrú a bhaineann le hearráidí teanga a dhéanamh: le deacrachtaí soiléireachta; leis an léamh amach os ard; le húsáid na Gaeilge sa phobal; agus mar sin de.  Moltar d’fhoghlaimeoirí machnamh leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus leagtar an bhéim i gcónaí ar an bhféinmhisniú. 
Eagraítear cúrsa deireadh seachtaine roghnach sa Ghaeltacht gach aon seimeastar. Tugann na gníomhaíochtaí struchtúrtha ar an sceideal d’imeachtaí deis d’fhoghlaimeoirí pé Gaeilge a bhíonn acu a úsáid i gcomhthéacs a bhíonn dúshlánach ach “sábháilteach”. Tugtar faoi deara go gcuireann rannpháirtíocht sa chúrsa Gaeltachta seo le feasacht chultúrtha  na rannpháirtithe agus go dtagann ardú ar a gcuid féinmhuiníne agus ar a gcuid inspreagaidh ar fhilleadh dóibh ón nGaeltacht.