arrow
Search icon

Gearrchúrsaí Lae/Oíche Gaeilge - Earrach 2023

  • Cuirfear tús le sraith de Ranganna Gaeilge an Earraigh mí Feabhra 2023.
  • Beidh na gearrchúrsaí ar fad ar siúl ar feadh 10 seachtaine ar an gcampas in Ollscoil Luimnigh - cuirfear sonraí faoi seomra/áras níos giorra don túsdháta. 
  • Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo . Is féidir táille an chúrsa a íoc le cárta agus déanfar é seo a shocrú níos giorra don túsdháta. Tá ráta do mhic léinn agus do bhaill foirne OL ar fáil chomh maith.
  • Comhairle & fiosrúcháin ghinearálta: ciara.considine@ul.ie

Gearrchúrsaí Lae/Oíche - Sceideal an Earraigh 2023:

Teideal an chúrsa Lá/Am Sonraí Praghas

 

Glantosaitheoirí


 

le deimhniú

 

Oiriúnach dóibh siúd nach ndearna siad staidéar ar an nGaeilge ar scoil nó iad siúd a rugadh lasmuigh d'Éirinn. Cuirfear an bhéim ar scileanna labhartha ach déanfar staidéar ar an léitheoireacht, ar an éisteacht agus ar an scríobh chomh maith. 

€150 (10 seachtaine)

 

Bréagthosaitheoirí (do dhaoine a rinne an Ghaeilge ar scoil) - Cúrsa ar lean ón bhFómhar 2022.

9/2/23: CÚRSA LÁN

Dé Luain

18.30-20.30

ag tosú 13/2//2023

 

 

 

Oiriúnach dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ar scoil ach gur mhaith leo dul siar ar na bunrudaí agus a gcuid muiníne a fhorbairt arís. Is cúrsa ar lean é seo ach glacfar le rannpháirtithe nua agus beidh dul siar ar na téamaí a múineadh an téarma seo caite.

 

€ 150 (10 seachtaine)

Meánrang 1

 

Dé Luain

19.30-21.30

ag tosú 13/2/2023 

Oiriúnach dóibh siúd a raibh caighdeán maith Gaeilge acu ar scoil ach a bhfuil as cleachtadh. Beidh an cúrsa oiriúnach do dhaoine a rinne bunchúrsa Gaeilge le blianta beaga anuas freisin. Cuirfear an bhéim ar scileanna labhartha ach déanfar staidéar ar an léitheoireacht, ar an éisteacht agus ar an scríobh chomh maith.

€ 150

(10 seachtaine)

Meánrang 2

Ar fáil arís Fómhar 2023.

Oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu agus a bhfuil ag lorg deiseanna cainte. Déanfar staidéar ar an léitheoireacht, ar an éisteacht agus ar an scríobh chomh maith.
 
€150 (10 seachtaine)
Cúrsa Cruinnis

Dé Luain 

18.00-19.30

ag tosú 13/2/2023

 

Is cúrsa gramadaí é seo. Díreofar ar an gcruinneas sa Ghaeilge labhartha agus sa Ghaeilge scríofa.

€100 (10 seachtaine)

Grúpa Plé - Ardleibhéal

(Maidineacha)

Déardaoin 

10.00-11.30 

CÚRSA LÁN 

Beidh an grúpa seo oiriúnach don té atá ag leibhéal B2 (Teastas Eorpach na Gaeilge) nó don té a bhfuil Teastas nó Dioplóma sa Ghaeilge bainte amach aige/aici. Beidh an bhéim ar an tacaíocht teanga, ar eolas maidir le hacmhainní úsáideacha don té le Gaeilge, agus ar phobal na Gaeilge ar an gcampas agus sa cheantar a neartú. €50 (10 seachtaine)