Cuireadh Aonad na Gaeilge ar bun in Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2001. Tá an tAonad lonnaithe i Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide, Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta ach tá ról i leith phobal an champais ina iomláine aige. Tá oifigí na foirne, An Dr Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir na Gaeilge agus Ciara Considine, Oifigeach Margaíochta agus Riarthóir Feidhmiúcháin, in Áras na dTeangacha. Tá Seomra na Gaeilge, an lárionad sóisialta don Ghaeilge ansin chomh maith. Is anseo a reachtáiltear cuid mhaith d’imeachtaí Aonad na Gaeilge. Cuireann an tAonad tacaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge san Ollscoil. Dírítear ar nascanna idir Ollscoil Luimnigh agus an pobal teanga sa cheantar máguaird agus sa Ghaeltacht a threisiú chomh maith. Is mian linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht leanúnach ó An tÚdarás um Ard-Oideachas don chlár de thograí a bhíonn againn.
Bhain cuid mhaith de chúram Aonad na Gaeilge sna blianta tosaigh le hábhar teagaisc agus foghlama a dhearadh d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge agus le cúrsaí oideolaíochta. Leantar leis an obair seo fós ach leagtar béim mhór anois, sa taighde agus sa chleachtas, ar an nGaeilge lasmuigh den tseomra ranga. Is spéis linn san Aonad an fráma tacaíochta teanga a bhíonn de dhíth ar an té atá ag súil le bheith ina c(h)ainteoir Gaeilge.
Cruthaíodh nascanna láidre le comhghleacaithe sna nua-theangacha agus sa teangeolaíocht fheidhmeach nuair a tháinig an tAonad ar an bhfód sa bhliain 2001. Is maith linn an Ghaeilge a lonnú sa chomhthéacs teangacha seo. Is minic a chuireann an comhphlé leo siúd a phléann le mórtheangacha lenár dtuiscint ar an nGaeilge mar mhionteanga. Is trí Lárionad na dTeangacha Feidhmeacha, tríd an mbaint ag an Aonad le soláthar an chúrsa Máistir Gairmiúil san Oideachas (Teangacha), agus trí nascanna leis an Teanglann mar gheall ar chúrsaí ríomhchumarsáide, is mó a threisítear na nascanna seo anois. Tá dlúthnasc idir Aonad na Gaeilge agus Dámh Chruinne Éireann agus ceangal láidir leis an Oideachas Leanúnach agus Gairmiúil ar an gcampas chomh maith.
Is leis na croíghníomhaíochtaí seo a leanas is mó a phléann Aonad na Gaeilge i láthair na huaire: