Shínígh an tAire Airgeadais ina ndlí an Luan 22 Deireadh Fómhair, 2001 Rialacháin lena bhforáiltear go mbaineann An tAcht um Shaoráil Faisnéise,1997 leis an Ollscoil. Tháinig na Rialacháin i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2001.
Is bealach atá san Acht le níos mó oscailteachta agus cuntasachta a chur chun cinn sa tseirbhís phoiblí agus ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i mí Aibreáin 1998 tá an réimse a chlúdaítear leathnaithe amach ón rialtas láir go húdaráis áitiúla, boird sláinte agus réimse eagraíochtaí atá maoinithe go poiblí.
Trí Cheart Faoin Acht
Taifid a thagann faoi Raon an Achta
Príomh-Dhíolúintí
An Achta um Shaoráil Faisnéise 1997
An Achta um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003
Trí Cheart Faoin Acht
Dearbhaíonn an tAcht ceart an phobail rochtain a bheith acu ar eolas oifigiúil a mhéid agus is féidir, ag cur leas an phobail agus ceart daoine aonair chun príobháideachais san áireamh.
Taifid a thagann faoi Raon an Achta
Baineann an tAcht le gach cineál taifid agus d'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:
Is féidir taifid a thaifeadadh nó a stóráil in aon fhormáid, i bhformáid láimhe, mheicniúil nó leictreonach.
Clúdaíonn an tAcht dréachtaí, páirteanna agus cóipeanna de thaifid freisin.
Príomh-Dhíolúintí
Níl an chuid is mó de na díolúintí absalóideach agus tá roinnt mhaith acu faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm leo sa chás tríd is tríd, gur fearr a dhéanfaí freastal ar leas an phobail trí rochtain ar na comhaid a cheadú seachas rochtain a dhiúltú. I gcásanna go leor ní féidir eolas a choinneáil siar ach amháin sa chás go léirítear go bhféadfadh díobháil nó gortú sainiúil a bheith i gceist dá ndéanfaí nochtadh.
AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE 1997 / AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE (LEASÚ) 2003