Tuairiscíonn an Rúnaí Corparáideach chuig an Uachtarán agus tá sé/sí freagrach as roinnt réimsí, lena n-áirítear:
- Rialachas Ollscoile lena n-áirítear freastal ar an Údarás Rialaithe agus gach Coiste Údaráis Rialaithe a bhainistiú
- Comhlíonadh Acht na nOllscoileanna, 1997, a chinntiú
- Reachtanna, rialacháin, polasaithe corparáideacha agus nósanna imeachta na hOllscoile a fhorbairt agus athbhreithniú agus dáileadh a dhéanamh orthu
- Comhlíonadh Reachtaíochta
- Gnóthaí dlíthiúla corparáideacha na hOllscoile a bhainistiú
- Cabhrú le forbairt, dul chun cinn agus cur i gcrích tionscadal éagsúla ar fud na corparáide
- Bailiúcháin Amharc-Ealaíon na hOllscoile a bhainistiú.