arrow
Search icon

Ranganna Gaeilge

Bealtaine/Meitheamh 2018 – Bunrang 6 seachtaine (maidineacha)

  • Ag tosú Dé hAoine 18 Bealtaine 2018 @ 09.30-11.30 
  • An costas ná €100.00

Seo cúrsa a thabharfaidh blaiseadh don té a rinne an Ghaeilge ar scoil ach gur mhaith leo dul siar ar na bunrudaí agus a gcuid muiníne a chothú arís. Beidh an cúrsa ar siúl I Seomra na Gaeilge, an seomra caidrimh ar an gcampas, atá lonnaithe in Áras na dTeangacha. Clárúchán dúnta.

Earrach 2018

Seo iad na cúrsaí a bhí ar siúl seimeastar an Earraigh 2018 - cuirfear tús leis an gcéad shraith eile Mí Mheán Fómhair 2018.
 
Glantosaitheoirí: Beidh an leibhéal seo oiriúnach do dhaoine nach ndearna staidéar ar an nGaeilge riamh, daoine a rugadh thar lear, mar shampla, nó daoine a bhfuair díolúine ón nGaeilge ar scoil. Ag tosú Dé Máirt 13 Feabhra 2018 @ 19.00-21.00  
Bunrang: Oiriúnach do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge acu ón scoil ach a bhraitheann nár thóg siad na bunstruchtúir leo. Beidh deis ag rannpháirtithe filleadh ar nathanna agus ar struchtúir bhunúsacha sa chúrsa seo. Ag tosú Dé Máirt 13 Feabhra 2018 @ 19.00-21.00. Cuirfear tús leis an mbunrang am lóin Dé Máirt 21 Feabhra @ 1-2i.n.
Meánrang: Oiriúnach do dhaoine a raibh caighdeán maith Gaeilge acu ar scoil. Seans maith go mbeidh rannpháirtithe as cleachtadh ach beidh dúshlán á lorg acu chomh maith. Ag tosú Déardaoin 8 Feabhra 2018 @ 19.00-21.00. Cuirfear tús leis an meánrang am lóin Dé Céadaoin 14 Feabhra 2018 @ 1-2i.n.

Cúrsaí Gaeilge Lae & Oíche Aonad na Gaeilge do Bhaill Foirne OL - Seimeastar an Earraigh 2018 Sceideal iomlán anseo